Tá a fhios agam go bhfuil tú gafa le do shaol nua bogadh ar aghaidh
I bhfad i gcéin uaim, i bhfad i céin uaim
Nuair a bhí gach aon rud a dúirt muid ag casadh inár n-aghaidh
Anois níl aon am ann, anois níl aon am ann

Ag an deireadh ‘is tú leat fhéin, ‘is tú caillte in san domhan
Rud is mó le cuimhniú go bhfuil mé ann mar airím an phian atá ann
Ualach mór an tsaoil seo ortsa gan ach dorchadas na hoí(che) ‘is tú thíos
Lig don ghrá isteach i do chroí

Thug mé siúlóid fhada chiúin go teach gan tada ann
Dea-chuimhní agam ann, céard atá i ndán dhom
Mairfidh muid i bhfad ó chéile, sin an chaoi atá ann
Anois (tá) sé in am don saol seo dul gan brón

Ag an deireadh ‘is tú leat fhéin, ‘is tú caillte in san domhan
Rud is mó le cuimhniú go bhfuil mé ann mar airím an phian atá ann
Ualach mór an tsaoil seo ortsa gan ach dorchadas na hoí(che) ‘is tú thíos

Lig don ghrá isteach i do chroí [x8]

Ag an deireadh ‘is tú leat fhéin, ‘is tú caillte in san domhan
Rud is mó le cuimhniú go bhfuil mé ann mar airím an phian atá ann
Ualach mór an tsaoil seo ortsa gan ach dorchadas na hoí(che) ‘is tú thíos

Lig don ghrá isteach i do chroí [x2]

Comments